Le Mark Johnson
Tá an Rialtas agus coiste sheirbhísí poiblí ICTU i ndiaidh teacht ar chomhaontú pá. Tá an margadh ag feidhmeannaigh na gceardchumann éagsúil agus molfaidh siad dá mbaill glacadh leis an mhargadh nó diúltú dó
Is é atá sa mhargadh ná ardú de 3% i 2022 anuas ar an 1% a comhaontaíodh mar chuid den “Building Momentum Agreement”, agus beidh ardú eile de 3.5% i 2023. Faoi láthair, seasann an ráta boilscithe ar thart ar 10% agus d’fhéadfaí 15% a bhaint amach roimh dheireadh na bliana, rud a chiallaíonn nach bhfuil ann ach ciorrú pá i bhfírinne. Bheadh oibrithe faoi bhac don bhliain seo chugainn dá nglacfaí leis an mhargadh seo agus iad ag dul i ngleic le harduithe as cuimse praghasanna leictreachais, breosla, cíosa agus bia.
Droch-cheannaireacht
Dar leis an “tSuirbhé Fórsa Oibre” de chuid an Phríomh-Oifig Staidrimh go bhfuil 516,000 ball cheardchumann in Éirinn. Conas a tharla sé gur bhain an fórsa is mó sa tsochaí, agus a d’fhéadfadh bheith ar an fhórsa is láidre, margadh chomh lofa mar é amach?
Sa tseanamhrán “The Grand Old Duke of York,” faigheann muid amach gur thuras in aisce a bhí ann don 10,000 fear a chuaigh suas is anuas an cnoc. Lena cheart a thabhairt dó, ar a laghad, chruinnigh sé na fórsaí a bhí aige. Ar an drochuair, d’oibrithe na hearnála poiblí agus d’oibrithe i gcoitinne, tá siad róthugtha do chur chuige na páirtnéireachta sóisialta, ag smaointiú orthu féin mar sheanfhondúirí stáit ag déanamh a ndícheall gan chur i gcoinne nuachtáin na mbilliúnaithe ná malairt slí a thabhairt do smaointí pháirtithe de chuid na heite deise. Agus iad chomh faiteach, tá droigeall orthu fíorchumhacht na gceardchumann a bhriseadh amach agus ligeaint do ghnáthbhaill chumhachta a dúshlán a thabhairt don chur chuige seo.
Tá Kevin Callinan, Uachtarán ICTU agus Ard-Rúnaí Fórsa den tuairim gurb é seo an margadh is fearr a d’fhéadfaí súil leis ó chainteanna.
Cainteanna gan Stráitéis
Is é atá feicthe again le leathbhliain anuas ná:
I Márta 2022 agus boilsciú ag dul in airde, chuir ICTU tús le cainteanna pá. Freagra níor thug an Rialtas ar feadh dhá mhí, ag dul isteach i gcainteanna i mí na Bealtaine. Tugadh droim láimhe do mhargadh suarach de 2.5% ar 17 Meitheamh. Thosaigh ICTU pleanáil ballóide comhordaithe ach dúirt siad go gcuirfeadh siad fáilte roimh chainteanna, fiú dá nglaofaí iad gan mórán coinne. Idir 18 Meitheamh agus lár mhí Lúnasa, dhá mhí beagnach, níor thug an Rialtas cuireadh do na ceardchumainn teacht ar ais le haghaidh cainteanna, agus ballóidí ar na bacáin tar éis an bhuiséid. Fá dheireadh, ar 29 Lúnasa, thángthas ar chomhaontú agus cuireadh ballóidí do ghníomhaíocht thionsclaíoch ar ceall le haghaidh vóta don mhargadh.
Is é atá in easnamh i rith na tréimhse seo ar fad ná stráitéis thionsclaíoch ag ceannaireacht na gceardchumann a thabharfadh an chumhacht dá mbaill chun brú a chur ar an Rialtas chun margadh pá a bhaint amach a rachadh i ngleic leis an bhoilsciú.
Dá mbeadh ceannairí againne, a bheadh sásta troid, sásta dúshlán a thabhairt, dhéanfadh siad rud éigin mar seo:
Cruinnithe sna hionaid oibre uile a ghairm i mí an Mhárta, ag cruinniú na n-oibrithe le chéile chun teacht ar na taicticí is fearr agus ag bunú coistí ballóide/gníomhaíochta ar bhonn áitiúil
Dáta a shocrú le haghaidh agóide am lóin ar bhonn náisiúnta ar Lá Bealtaine chun misneach a ardú, chun gach ionad oibre a dhaingniú, brú a chur ar an Rialtas agus baill nua a earcú isteach sna ceardchumainn.
Ina dhiaidh sin, dá mbeadh léirsiú náisiúnta ann i mí Iúil nó Lúnasa, d’fhéadfaí brú ollmhór a chur ar an Rialtas agus tacaíocht an phobail a thógáil ina measc oibrithe ón earnáil phríobháideach agus a bhíonn ag streachailt ar phá íseal.
Agus iad ag filleadh ar chainteanna le gaoth na hagóidíochta ina seolta acu, is a mbaill ré le dul ar stailc i ngach ionad oibre, bheadh an lámh in uachtar ag na ceardchumainn agus gheobhadh siad margadh i bhfad ní b’fhearr ná an ceann seo.
An Gearrghá le Vótáil ina Choinne.
Gach seans go ndéanfaidh na meáin is ceannairí na gceardchumann a ndícheall an margadh seo a dhíol mar an margadh is fearr a d’fhéadfaí a fháil ach go háirithe dóibh siúd ar an phá is ísle. Ach is iad na hoibrithe seo a bhfuil margadh a sháródh boilsciú, is mó uathu. Níl sa mhargadh seo ach ciorrú pá do na hoibrithe seo, agus is iad a bheas thíos leis sa ghéarchéim chostas maireachtála seo. Caithfidh oibrithe vótáil i gcoinne an mhargaidh seo agus gan bheith ceangailte leis an dara ciorrú pá seo.
Caithfidh gach oibrí, iad atá sna ceardchumainn agus iad nach bhfuil, iad féin a eagrú chun an margadh seo a chloí. Caithfidh muid teacht le chéile ar son stráitéise míleataí. Níl ceannaireacht na gceardchumann láidir ar an mhargadh seo agus is féidir lena mbaill brú a chur orthu. Chomh maith le vótáil i gcoinne an mhargaidh seo, caithfidh muid ballóidí a fháil ar ghníomhaíocht thionsclaíoch chun margadh pá a fháil a sháródh an boilsciú. An t-aon bhealach chun é sin a bhaint amach ná gníomhaíocht thionsclaíoch comhordaithe agus cumhacht na n-oibrithe a shlógadh.
Tá ceacht le foghlaim ón Bhreatain nuair a fhaigheann oibrithe an lámh in uachtar, bíonn an lá leo agus bíonn siad mar spreagadh do dhaoine eile. Tá Mick Lynch ón RMT, i mbéal an phobail de bharr an seasamh a thóg siad ag tabhairt ionsparáide d’oibrithe eile. Tá méadú de na céadta sna curadaigh Google ar conas síniú suas do cheardchumann. Bhí #GeneralStrike ag treochtú ar Twitter agus tá na mílte i bpobail lucht oibre ag léirsiú mar chuid den fheachtas “Enough is Enough.”
Caithfidh muid na ceardchumainn a athghabháil agus iad a dhéanamh mar fhórsa cumhachtach trodach chun go n-athródh muid an saol anseo in Éirinn.