Eagraigh in aghaidh ciorruithe maoinithe ar Fhoras na Gaeilge

Le Caitríona Ní Chatháin

An mhí seo caite, d’fhógair Foras na Gaeilge ciorruithe maoinithe de €817,945 i gcás eagraíochtaí Gaeilge, rud a chuireann todhchaí na heagraíochtaí úd ar fúd an oileáin i mbaol. D’fhreastail breis agus céad ball de phobal na Gaeilge ó mórthimpeall an oileáin ar cruinniú a d’eagraigh Conradh na Gaeilge in oifig an ceard cumann, Unite, i mBéal Feirste an mhí seo. Labhair síad faoí na ciorruithe a fógraíodh do grúpaí óige, campaí samhraidh agus seirbhísí Gaeilge eile do theaghlaigh agus do chainteoirí Gaeilge atá ag streachailt cheana féin. 

Labhair fostaithe na heagraíochtaí Gaeilge faoi na dúshláin atá rompu cheana féin mar gheall ar ghanntanas mór airgid chun a gcuid seirbhísí a choinneáil ar siúl. Tá go leor de na seirbhísí seo faoi bhrú toisc nach bhfuil maoiniú ag coimeád súas leis an ráta boilscithe.

Leanann an laghdú ollmhór seo beartais ciniciúla an DUP i Stormont, a chuir bac ar aon plé ar Frámaíocht na Teanga Thuaidh/ Theas i gClár an Fheidhmeannais cúig babhta ón bFhómhar 2024.

Cuireadh Foras na Gaeilge ar bun faoí Comhaontú Aoine an Chéasta. Sé dúalgas an Fhorais ná maoirseacht ar thionscnaimh Ghaeilge ar fúd oileán na hÉireann ar fad, i réimsí mar obair óige, campaí samhraidh, cúram leanaí agus na healaíona, chomh maith le scéimeanna leanúnacha taighde agus ardáin meán Gaeilge.

Ról páirtithe Stormont

Ní aon ábhar iontais gníomhartha déanaí an DUP. Tá stair ag daoine móra le rá san páirtí sin a bheith ag déanamh ceap magaidh  don Ghaeilge agus do lucht labhartha na teanga mar iarracht ar an seicteachas a chothú. Dúirt įar-phríomh-aoire an DUP agus Feisire Pairliminte na Breataine do Oirthear Aontroma, Sammy Wilson, gur “teanga leipreacháin” a bhí ins an Ghaeilge. I 2019, agus í ag seasamh i gcoinne bille a thabharfadh níos mó tacaíochta airgeadais don Ghaeilge, dúirt ceannaire an DUP ag an am, Arlene Foster, go ndéanfadh sé níos mó cíall “Acht Pólainnise” a rith, ag rá freisin “Má chothaíonn tú crogall beidh siad ag teacht ar ais agus ag lorg níos mó”.

I 2016, ghearr Paul Givan, Aire na bPobal a bhí ann ag an am – is é siúd atá anois mar Aire Oideachais –  deontais do leanaí faoi mhíbhuntáiste sóisialta chun dul go Gaeltacht Dhún na nGall. Thit Stormont mar gheall ar an cunspóid deireannach seo. Ceann de na húdair leis an cinneadh seo, ná gur aontaigh an Fheidhmeannas ar bhuiséad déine sa bhliain sin a mhol Aire Airgeadais Shinn Féin, Máirtín Ó Muilleoir. Bhí sė soiléir go mbeadh torthaí mar seo ar na ciorraithe agus go mbeadh grúpaí mionlaigh, ar nós cainteoirí Gaeilge, búailte go neamh chothrom. Tá sé fimíneach amach is amach do aon pháirtí Stormont tacaíocht le buiséad nach dtugann go leór airgid  freastal ar riachtanais na ngnáthdhaoine agus ansin a bheith ‘feargach’  nuair a bhíonn droch thionchar aige seo ar phobal as a tharraingíonn síad tacaíocht.

Stair ghantannais mhaoiniú

Sa chás seo tá an milleán ar bhac ciniciúil an DUP ar an maoiniú riachtanach seo. Ach is léir go bhfuil stair ag an rialtas sa Deisceart agus ag Sinn Féin ó thuaidh ionsaí a dhéanamh ar ghnéithe eile de chosaint agus de chur chun cinn na Gaeilge.

Threisigh sé seo go mór le linn an cúlú eacnamaíochta tar eis 2008. De réir staitisticí deich mbliana i ndiaidh na blianta déine sa deisceart bhí caiteachas an rialtaisan rialtais ar an nGaeilge ionann jeis an seachtú cuid den méid a bhí ann i 2008. Tá nós ag páirtithe polaitíochta an rachmais caint láidir  maidir le tacaíocht don Ghaeilge sa Deisceart san am céanna ina bhfuil síad ag diúltú achmhainní chuí a chuir ar fáil. Léiríonn an meath ar cheantair Ghaeltachta an teaspa leanúnach tacaíochta rialtais don Ghaeilge. Go háirithe, de bharr na géarchéime tithíochta atá ag dul ar aghaidh le blíanta fada anois, ní raibh ar chumas cainteoirí Gaeilge maireachtáil sna pobail seo rud a threisigh go mór bánú na Gaeltachtaí uiligh.

Treisiú agus slógadh 

I bhfianaise na ciorruithe nua atá beartaithe, tá dearg fhearg  imeasc grúpaí phobail atá ag streachailt le blianta fada an teanga a chothú. Is léir anois nách leór aisiompú amháin ar na ciorruithe molta seo. Chun troid do mhaoiniú réadúil don Ghaeilge, tá gníomh stailce lúaite mar rogha, chomh maith le staonadh ó Sheachtain na Gaeilge a eagrú i mbliana mar agóid. Leanann na bearta molta seo  traidisiún na gluaiseachtaí phobail a d’éiligh an ceart chun an Ghaeilge a úsáid i ngach gné de shaol an phobail le linn na  Glúaiseachta do Chearta Sibhialta na Gaeltachta i 1969. Ag an am bhuaigh síad bunú Raidió na Gaeltachta, seirbhís raidió Gaeilge, agus Údarás na Gaeltachta, comhlacht tofa atá freagrach as forbairt na réigiún Gaeltachta.

Leathnú ar an streachailt 

Seirbhísí riachtanacha don phobal is ea tionscnaimh Ghaeilge lena n-áirítear cúram leanaí, obair óige, ceol agus na healaíona. Caithfimíd seasamh i ndlúthpháirtíocht leo siúd go léir a bhfuil tionchar ag na ciorruithe seo orthu agus aisiompú láithreach a éileamh.  Cómh maith leis seo, caithfear tacú go láidir le haon beart chun an brú a threisiú trí bheartais mar mhór-agóid a eagrú nó trí gníomhaíocht thionsclaíoch.

Éilimh lucht tacaíochta cearta na Gaeilge:

Go gcuirfear I bhfeidhm an ‘Identity and Language (Northern Ireland) Act 2022’ a ritheadh trí Phairlimint Westminster;

Stádas comhionann don Ghaeilge agus don Bhéarla araon;

 Diúltú do aon fhórsa seicteach a chuireann in aghaidh cearta do phobal na Gaeilge chun teannas seicteach a chothú;

 Diultú do aon fhórsa seicteach a úsáideann an Ghaeilge féin i slí ciniciúil chun teannas seicteach a chothú;

Infheistíocht a dhéanamh sa phleanáil teanga le straitéis fhadtéarmach. 

Chur chun cinn na Gaeilge a bheith fite fúaite le polasaithe níos leithne, a éileodh méadú ar thithíocht phoiblí, ar cúrsaí oideachais, cúram leanaí, iompar poiblí, agus seirbhísí poiblí eile;

Total
0
Shares
Previous Article

Mobilise against funding cuts to Foras na Gaeilge

Related Posts